盖尔式足球比赛现场
Fardal Náisiúnta Oidhreachta Cultúrtha Doláimhsithe na hÉireann

Peil Ghaelach

Cleachtais shóisialta, deasghnátha agus imeachtaí féiltiúla

LocationAr fud oileán na hÉireann agus i bpobail Éireannacha ar fud an domhain
CategoriesTraidisiúin bhéil agus nathanna cainte、teanga san áireamh Na taibhealaíona Cleachtais shóisialta、deasghnátha agus imeachtaí féiltiúla Ceardaíocht thraidisiúnta
KeywordsPeil Ghaelach, Cumann Luthcheal Gael, peil dhúchais, spórt
Contact organisationCumann Lúthchleas Gael (CLG)

Gearr-achoimre

Cleachtais shóisialta, deasghnátha agus imeachtaí féiltiúla

Ceardaíocht thraidisiúnta Eochairfhocail: Peil Ghaelach, Cumann Luthcheal Gael, peil dhúchais, spórt Eagraíocht Teagmhála: Cumann Lúthchleas Gael(CLG) Achoimre Ghearr: Is í peil Ghaelach an cineál peile is coitianta a imrítear in Éirinn. Is cluiche foirne 15 an taobh í a imrítear le liathróid chruinn leathair ar pháirc a bhíonn 140 méadar x 80 méadar go hiondúil. Leagtar foirne amach le cúl báire amháin, seisear cosantóirí, beirt imreoirí lár páirce agus seisear tosaithe. Tá trasnán agus cuaillí ag dhá cheann na páirce agus is ‘cúl’ é an liathróid a chiceáil faoin trasnán isteach sa líontán agus luach trí phointe air. Is ‘cúilín’ é an liathróid a chiceáil thar an trasnán agus idir dhá chuaille sínte ina seasamh agus tá luach pointe amháin air. Aistrítear an liathróid go príomha trína hiompar ar feadh ceithre chéim ar a mhéad agus ansin í a chiceáil ó na lámha. Ceadaítear freisin an liathróid a bhualadh leis an dorn chuig comhghleacaí foirne ar a dtugtar pas láimhe. Tá scil uathúil ar a dtugtar ruathar aonair ceadaithe freisin nuair is féidir le himreoir atá ag rith an liathróid a scaoileadh ó na lámha ar a chos agus an liathróid a chuachadh ar ais ina lámha agus iad ag rith.

Faisnéis chúlra

Maireann cluichí 60 nóiméad d’imreoirí club a dhéanann ionadaíocht ar a bpobal áitiúil nó 70 nóiméad do na scoth-imreoirí a dhéanann ionadaíocht ar a gcontae dúchais.

Is féidir scóir a fháil freisin trí liathróid a chiceáil den talamh trí na cuaillí nuair a bhronntar ciceanna saora nó ciceanna pionóis.

Ciallaíonn aistriú na liathróide ó na lámha go mbíonn an liathróid ag eitilt go rialta agus éilíonn sé go mbeadh scileanna ardghabhála ag máistrí chomh maith le ciceáil chruinn ó na lámha. Bíonn seasmhacht agus lúthchleasaíocht ag teastáil agus bíonn na cluichí dian ar an gcorp mar is féidir le himreoirí a chéile a bhrú ar son seilbhe faoi na rialacha.

Go stairiúil, tá tagairtí infhíoraithe don pheil in Éirinn ón mbliain 1527 ar taifead i Reachtanna na Gaillimhe. Tá roinnt tagairtí níos luaithe chomh fada siar leis na 1300í. Bhí Abhainn na Life in ardchathair na hÉireann, Baile Átha Cliath, reoite ar feadh naoi seachtaine in 1739 agus tá tagairt ann do na saoránaigh ag imirt cluiche peile ar an dromchla reoite. Bhí an-tóir ar leagan den chluiche ar a dtugtaí Caid go háitiúil i nGaeilge i gContae Chiarraí in iardheisceart an oileáin – ceantar a bhfuil an pheil Ghaelach fós láidir ann.

Cosúil leis an spórt Éireannach iománaíocht (ar bronnadh stádas Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe UNESCO uirthi in 2018) bhí an pheil Ghaelach ar tí dul in éag in Éirinn i ndiaidh an Ghorta go déanach sna 1800idí. Le bunú Chumann Lúthchleas Gael ar an 1 Samhain 1884 rinneadh iarracht cluichí agus caithimh aimsire dúchasacha na hÉireann a chaomhnú agus an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach a chur chun cinn agus tá an cluiche ag fás i ngach cúinne d’Éirinn ó shin i leith.

Tá an cluiche ag teacht chun cinn ó 1884 agus leibhéil aclaíochta ag ligean do luas an chluiche dul i méid go mór. Gné shuntasach is ea scaipeadh daonlathach an chluiche. Tá ceantair a bhfuil an pheil Ghaelach láidir iontu ag dul siar go dtí laethanta tosaigh an CLG in áiteanna mar Chiarraí, Gaillimh, Cabhán agus Baile Átha Cliath. Ach tagann foirne nua chun cinn i ngach glúin. Tá a stíl féin agus a modh traidisiúnta imeartha ag muintir gach ceantair – cuid acu i bhfabhar ciceála fada agus ardghabhála agus cuid eile i bhfabhar rith leis an liathróid agus seilbh a choinneáil.

Is é cluiche ceannais sinsir peile na hÉireann gach samhradh an t-imeacht spóirt is mó i bhféilire spóirt na hÉireann, féachann milliún duine air ar an teilifís in Éirinn agus taispeántar trí sheirbhís síntiúis do na mílte Éireannacha thar lear i níos mó ná 100 tír. Freastalaíonn 82,300 lucht féachana ar an gcluiche ceannais i bpríomh-staid Pháirc an Chrócaigh i mBaile Átha Cliath. Is é Corn Mhig Uidhir do sheaimpíní peile na hÉireann an duais is aitheanta i spórt na hÉireann. In 2022 d’éirigh go maith le craobh nua dara céim do Chorn Tailteann.

In 2023, bhí 560,000 ball cláraithe sa CLG. Astu seo, tá 250,000 ógánach faoi 18 mbliana d’aois.

Cleachtas agus cleachtóirí

Tá gréasán de bhreis is 300 cóitseálaí fostaithe ag an gCLG a éascaíonn imirt na peile Gaelaí sna scoileanna náisiúnta agus a spreagann nasc idir scoileanna áitiúla agus a gclub CLG áitiúil sa phobal.

Is é sprioc an CLG ná ár gcluichí agus ár gcultúr dúchais a chur chun cinn trí rannpháirtíocht ar feadh an tsaoil.

Cuirtear comórtais ar siúl do dhaoine fásta agus do pháistí faoi 18 mbliana d’aois. Ag leibhéal daoine fásta tá leibhéil éagsúla bunaithe ar chumas agus tháinig fás ar an bpeil Ghaelach shóisialta nó áineasa do dhaoine nach mian leo nó nach bhfuil in ann imirt go hiomaíoch a thuilleadh ach atá fós ag iarraidh bualadh le chéile agus cluiche a imirt. Tugtar Lads and Dads agus Mothers and Others ar na foirne seo do na fir agus na mná faoi seach.

Gach samhradh éiríonn go maith le campaí do bhuachaillí agus cailíní idir 5-14 bliana d’aois chun fanacht páirteach sna cluichí Gaelacha agus d’fhreastail 142,800 páiste ar fud na hÉireann ar champaí CLG Kellogg’s, campaí áitiúla i samhradh 2022, a chuimsigh freastal ar 1,958 páiste le riachtanais speisialta.

Forbairt, scaipeadh agus cosaint

Is í Peil na mBan an spórt is mó fáis in Éirinn go seasta agus dhá uair le blianta beaga anuas d’fhreastail na sluaite ar chluiche ceannais Pheil na mBan a imrítear i gceanncheathrú CLG, Páirc an Chrócaigh. Bhí 56,114 duine i láthair ag cluichí ceannais Pheil na mBan in 2019.

Imrítear cluiche na mBan anois ar an bpáirc lánmhéid chéanna le fir agus tá sé beagnach mar a chéile i rialacha imeartha ach go háirithe cead a thabhairt do mhná an liathróid a phiocadh den talamh -- ach i gcluiche na bhfear ní mór an liathróid a smiotadh suas le cos i seilbh imreoirí.

Tá an CLG agus Cuman Pheil na mBan tiomanta don chluiche a chur chun cinn trí dhaoine óga a chur ar an eolas faoi imreoirí móra na linne seo agus imreoirí móra na linne inné a cheiliúradh. In 2019 sheol an CLG a seirbhís sruthaithe féin ar a dtugtar GAAGO a chraolann cluichí i níos mó ná 100 tír do dhiaspóra na hÉireann. Cuirtear buaicphointí sár-éachta scileanna agus scór chun cinn trí sheirbhís ar a dtugtar GAANOW a chuirtear chun cinn ar na meáin shóisialta.

Leanann 1,219,507 duine an CLG ar na meáin shóisialta. B’ionann sin agus 287,237,908 imprisean in 2024 (méadú 7%) agus rannpháirtíocht 12,266,806 (méadú 14.7%).

Faigheann sé seo acmhainní ó Roinn Cumarsáide an CLG atá freagrach freisin as imeachtaí poiblíochta agus laethanta meán a eagrú.

Tá forbairt shuntasach á déanamh ar an bpeil Ghaelach faoi láthair agus í ag athrú agus ag dul in oiriúint lena chinntiú go mbeidh sí leanúnach agus faoi chosaint do na glúnta atá le teacht. Ní hamháin go gcuirtear an oidhreacht chultúrtha seo ar aghaidh trí bhealaí traidisiúnta ach cuirtear chun cinn í go gníomhach freisin trí thionscnaimh éagsúla atá dírithe ar dhaoine óga agus an pobal i gcoitinne a bheith rannpháirteach.

Gné lárnach san iarracht seo ná Kellogg's Cúl Camps. Ghlac breis agus 146,800 leanbh páirt sna campaí in 1,200 ionad, sin 18.5% den daonra idir 6 agus 13 bliana d’aois. Dearadh na campaí chun cluichí Gaelacha a chur in aithne do leanaí ar bhealach spraíúil tarraingteach, rud a chothaíonn grá don spórt i measc na hóige. Feabhsóidh an clár tuilleadh inrochtaineachta trí chomhoibriú le Comhpháirtíochtaí Áitiúla Spóirt agus Míchumas TÉ chun eispéiris do leanaí a bhfuil riachtanais bhreise acu a fheabhsú. Trí chur ar chumas tuismitheoirí agus leanaí clárú ar líne agus trealamh a fháil a sheachadtar abhaile, leanann an tionscnamh ag nuachóiriú agus ag leathnú a lucht féachana.

Lasmuigh de na Cúl Camps, eagraíodh cláir bhreise ar nós Campaí na Cásca, Campaí Samhraidh, agus Campaí Samhna, rud a mheallann rannpháirtíocht shuntasach. Le 249 campaí Cásca ag óstáil 24,582 rannpháirtí, 330 campa samhraidh ag cur fáilte roimh 34,457 rannpháirtí, agus 92 campa Samhna ag óstáil 2,353 rannpháirtí, tá ról ríthábhachtach ag na tionscnaimh seo maidir le peil Ghaelach a choinneáil ábhartha agus inrochtana.

Forbairt thábhachtach eile is ea an Clár Naíscoile, a fheidhmíonn mar an chéad teagmháil a bhíonn ag leanbh ar Chlub CLG. Faoi láthair, tá 1,048 as 1,615 club ag glacadh páirt sa chlár. Ní hamháin go dtéann an tionscnamh seo chun sochair na leanaí -- ag tacú le forbairt níos mó ná 56,000 lúthchleasaí óg -- ach spreagann sé rannpháirtíocht tuismitheoirí sa chóitseáil freisin, ag cruthú cur chuige pobal-lárnach i leith spórt óige. Tabharfaidh an clár curaclam ar leith isteach i gcomhar le CPB agus leis an gCumann Camógaíochta, ag díriú ar scileanna bunúsacha gluaiseachta leanaí agus inniúlacht fhisiciúil iomlán a fheabhsú.

Is ar thionscnamh Go Games atá rannpháirtíocht na n-óg bunaithe freisin, agus seoladh polasaí ailínithe le déanaí ar fud an CLG, CPB agus an Chumainn Camógaíochta. Agus 1 as gach 3 leanbh idir 7 agus 12 bliana d’aois páirteach i gclár Go Games, tá ról ríthábhachtach aige maidir le gníomhaíocht choirp agus obair foirne a chur chun cinn agus scileanna riachtanacha á neadú in imreoirí óga. Cuireann imeachtaí ar nós Laethanta Gníomhaíochta Go Games i bPáirc an Chrócaigh le rannpháirtíocht, rud a ligeann do leanaí ó cheann ceann na tíre teacht le chéile i gceiliúradh spóirt.

I mbunscoileanna, nascann lucht oibre an CLG 2,500 bunscoil le 327,000 páiste, ag cinntiú rochtain ar chluichí Gaelacha mar chuid dá gcuid oideachais. Díríonn cuid shuntasach de na seisiúin seo ar an bpeil, rud a léiríonn an gá atá le rochtain mhéadaithe ar an iomáint freisin.

Síneann iarrachtaí chun rannpháirtíocht na n-óg a fheabhsú freisin chuig an gClár Sárchluichí, a dearadh chun níos mó deiseanna cluiche a sholáthar d’imreoirí óige, go háirithe i suíomhanna iar-bhunscoile. Ina theannta sin, cinntíonn na comórtais forbartha a eagraítear trí Choiste Rialaithe na gComórtas Forbartha gur féidir le clubanna agus scoileanna a bheith páirteach ar bhealach struchtúrtha, ag cothú timpeallacht iomaíoch atá cothrom agus taitneamhach.

Ar deireadh, léiríonn rath leanúnach Chraobh-Chomórtais Iar-Bhunscoile Uile-Éireann Masita agus Comórtais Ard-Oideachais Electric Ireland an tiomantas d’ardchaighdeáin a chothabháil agus rannpháirtíocht a mhéadú ag gach leibhéal. Cuireann na comórtais seo eispéiris luachmhara agus bealaí chuig leibhéil níos airde imeartha ar fáil do mhic léinn, ag cinntiú go bhfanann an pheil Ghaelach ina cuid bríomhar agus lárnach de chultúr na hÉireann.

Trí na tionscnaimh leanúnacha seo agus díogras leanúnach do rannpháirtíocht an phobail a chothú, tá an pheil Ghaelach réidh ní hamháin chun a bheith rathúil ach chun a hoidhreacht a dhaingniú mar ghné chothabhála d’oidhreacht na hÉireann do na glúnta atá le teacht.

Eagraíochtaí Teagmhála:  Cumann Lúthchleas Gael(CLG)