
Béarlagair / Gaimis
Tugann an Lucht Siúil ainmneacha éagsúla ar an teanga, bunaithe ar an teaghlach lena mbaineann tú. Tugann cuid acu Shelta, Gaimis nó Caintis (Minceirtoiree) uirthi. CiallaÃonn Minceir an Lucht Siúil agus ciallaÃonn Toiree caint, mar sin d'fhéadfaà Caint an Lucht Siúil a thabhairt ar an teanga, Caint
| Location | Ar fud na hÉireann |
|---|---|
| Categories | Traidisiúin bhéil agus nathanna cainte、lena n-áirÃtear teanga |
| Keywords | Traidisiúin béil agus nathanna cainte, lena n-áirÃtear teanga |
| Contact organisation | Ceardlann Lucht Siúil na Mà |

Faisnéis chúlra
Tugann an Lucht Siúil ainmneacha éagsúla ar an teanga, bunaithe ar an teaghlach lena mbaineann tú. Tugann cuid acu Shelta, Gaimis nó Caintis (Minceirtoiree) uirthi. CiallaÃonn Minceir an Lucht Siúil agus ciallaÃonn Toiree caint, mar sin d'fhéadfaà Caint an Lucht Siúil a thabhairt ar an teanga, Caintis, nó fiú Minceirs Toiree. Is à an teanga an rud deireanach atá fágtha againn, agus is à a thugann ár seanchas dúinn. Thabharfadh go leor teaghlaigh Gaimis uirthi toisc gur canúint à seo atá cineál difriúil ón gCaintis féin.
Is à an teanga an rud deireanach atá fágtha againn, agus is à a thugann ár seanchas dúinn. Baineann sé leis na focail a úsáidtear. D’fhéadfadh teangacha a bheith ina gcol ceathracha ag a chéile cosúil leis na Teangacha Gearmáinice nó an Béarla. Is à an tSean-Ghaeilge an col ceathrar is gaire dár dteanga. BhÃodh an tSean-Ghaeilge á labhairt anseo roimh na 1200idÃ. BÃonn cuid de na focail a bhÃodh in úsáid ag an am sin fós in úsáid ag an Lucht Siúil sa lá atá inniu ann nuair a labhraÃmid inár dteanga féin.
Na focail atá againne le haghaidh sagart agus Dia léirÃtear i seancháipéisà gur focail iad a bhÃodh in úsáid in Éirinn sa tréimhse réamh-ChrÃostaÃochta agus fós féin bainimid úsáid astu sa lá atá inniu ann. De bharr go raibh ár dtraidisiún bunaithe go mór ar an traidisiún béil is beag fianaise scrÃofa atá ann.
Cleachtas agus cleachtóirÃ
Toisc gurb iad na baill is sine de chuid an Lucht Siúil is mó a úsáideann an teanga thraidisiúnta tá an baol ann go n-imeoidh sà in éag. Nà bhaineann sà go sonrach le haon limistéar ar leith ar fud na tÃre ach is féidir à a chloisteáil go hard agus go soiléir ag aon cheann de na cruinnithe a bhÃonn ag an Lucht Siúil, go háirithe ag aontaà capall ar nós Aonach Capall Bhéal Ãtha na Sluaighe.
BÃonn Béarla chomh maith le Caintis / Gaimis san áireamh i gcuid de na bileoga agus de na cáipéisà a bhÃonn in úsáid ag Ceardlann Lucht Siúil na MÃ, Gluaiseacht Lucht Siúil na hÉireann agus Ionad Pavee.
TacaÃonn an Taispeántas Soghluaiste Staire Beo de chuid Cheardlann Lucht Siúil na Mà leis an obair chun an teanga agus na ceirdeanna a choinneáil beo agus leanfar ar aghaidh leis sin amach anseo.
Forbairt, scaipeadh agus cosaint
Tá an Lucht Siúil an-tógtha le go ndéanfaà athbheochan ar an teanga. Bhà tionchar ag reachtaÃocht a chuir cosc ar an Lucht Siúil a dtraidisiún fánaÃochta a chleachtadh ar iarrachtaà an teanga a thabhairt ar aghaidh ó ghlúin go glúin. Cuireadh iallach ar fhormhór an phobail cur fúthu i lonnaÃochtaà agus chuir sé sin isteach ar phatrún na hoidhreachta idirghlúine ach tá sé fós mar chuid de ghnás teanga an teaghlaigh núicléach agus an teaghlaigh sÃnte.
Tá athnuachan agus athbheochan iomlán nÃos tábhachtaà ó tugadh aitheantas don Lucht Siúil mar ghrúpa mionlaigh eitneach (Márta 2017) agus leagtar béim ar an ngá atá le hacmhainnà leordhóthanacha chun ardú céime a thabhairt don mhionteanga dhúchasach seo agus a stádas a athbhunú laistigh den phobal agus i measc na ndaoine óga sa phobal.
I staidéar a rinne an taighdeoir Alice Binchy (Teanga an Lucht Siúil 'A Heritage Ahead', Pavee Point 1995) bhà dhá ghrúpa tuismitheoirà a bhain leis an Lucht Siúil a sheas amach mar an dream ba mhó a raibh seans acu an teanga a chur ar aghaidh. Sa chéad ghrúpa tá teaghlaigh a bhfuil ag éirà leo stÃl mhaireachtála thraidisiúnta an Lucht Siúil a choinneáil – iad siúd a bhÃonn ag fánaÃocht agus ina gcónaà i ngrúpaà teaghlaigh traidisiúnta. Tá na teaghlaigh seo de chuid an Lucht Siúil fós ag úsáid na Caintise ar an mbealach traidisiúnta. Sa dara grúpa tá baill den Lucht Siúil a mheasann gur gné thábhachtach dá bhféiniúlacht eitneach à an teanga. Ba mhaith leis an ngrúpa seo go mbeadh an Chaintis ar fáil sna scoileanna agus tá siad i bhfabhar ranganna Caintise dá bpáistÃ. Tá samplaà againn anois d'amhráin a bheith á scrÃobh sa Chaintis, mar shampla Lashun Gatna (Leanbh Ãlainn) le Jack Delaney, 2013.
Gluaiseacht Taistealaithe na hÉireann
Ionad Pavee an Lucht Siúil agus an Phobail Roma