
Lásadóireacht agus Cróiseáil Chluain Eois
Thug Cassandra Hand Uasal, ó Losely House, Surrey, bean chéile reachtaire áitiúil Eaglais na hÉireann i gCluain Eois, an lásadóireacht chróise go Cluain Eois tráth a raibh an ceantar ag fulaingt go mór i ndiaidh an Ghorta Mhóir. Agus é bunaithe ar leagan den Lása Pointe Veinéiseach, thóg sé go leor
| Location | Cluain Eois, Co. Mhuineacháin |
|---|---|
| Categories | CeardaÃocht thraidisiúnta |
| Keywords | Cluain Eois, lása cróise, móitÃfeanna, snaidhm Chluain Eois, ceardaÃocht |
| Contact organisation | Ionad Cuairteoirà Shiopaà Chanáil Uladh |



Faisnéis chúlra
Thug Cassandra Hand Uasal, ó Losely House, Surrey, bean chéile reachtaire áitiúil Eaglais na hÉireann i gCluain Eois, an lásadóireacht chróise go Cluain Eois tráth a raibh an ceantar ag fulaingt go mór i ndiaidh an Ghorta Mhóir. Agus é bunaithe ar leagan den Lása Pointe Veinéiseach, thóg sé go leor ama. Fuair lásadóirà Chluain Eois amach áfach go bhféadfaidÃs an toradh céanna a fháil in achar nÃos giorra ach an chróise a chur in oiriúint. Seo mar a cruthaÃodh Lása Chluain Eois. Rinne oibrithe Chluain Eois a gcuid crúcaà féin as snáthaidà fuála. Ghearr siad súil amach, ghreamaigh siad é ar phÃosa d’adhmad bog agus chas siad burla corda timpeall air chun nach mbeadh sé chomh crua sa lámh. Tugadh 'Crúcaà an Ghorta Mhóir' ar na crúcaà seo ina dhiaidh sin.
Thug lásadóirà Chluain Eois léargas ar a dtimpeallacht féin agus móitÃfeanna de sheamróga, raithneach, feochadáin, rósanna fiáine, agus lusanna buà ceangailte le 'Snaidhm Chluain Eois' -liathróid a dhéantaà nuair a chastaà an crúca timpeall ar an snáth deich n-uaire nó dhá uair déag. Bheadh an pÃosa clúdaithe leis na céadta de 'phoncanna rollta' den chineál seo agus iad ag ceangal na móitÃfeanna le chéile. Thaistil cuid de na lásadóirà chun a gceird a mhúineadh ar fud na hÉireann, agus bhunaigh siad ionaid i gContaetha Mhaigh Eo, na Gaillimhe, Shligigh agus Dhún na nGall. San am a chuaigh thart bhÃtà in ann lása gach teaghlach a aithint de réir na móitÃfeanna a bhà úsáidte. CoinnÃodh go leor de na patrúin seo ina rún. AinmnÃodh teaghlaigh áirithe as an móitÃf a dhéanadh an teaghlach, dála na ‘Lily Quigleys’ agus i gcuid mhaith cásanna bhÃodh na fir sa teaghlach i mbun na lásadóireachta freisin. DhÃoltaà na pÃosaà luachmhara le gnÃomhairà ansin agus sheol siadsan iad chuig na tithe faisin ar fud na hEorpa.
Tugadh 'Obair Throm' ar shaothar Chluain Eois, mar gheall ar na móitÃfeanna stuáilte agus Snaidhm Chluain Eois. Ar an drochuair, le himeacht ama, bhà an t-eolas faoin gcaoi leis na móitÃfeanna, a mbÃodh an oiread sin tóir orthu tráth, a dhéanamh ag dul i léig le himeacht ama, de réir mar a chuaigh na teaghlaigh a bhÃodh ag dul don lásadóireacht ar imirce agus nó go bhfuair siad bás.
Ar an dea-uair, rinne grúpa beag ban athbheochan air. Orthu seo bhà Mamo MacDonald a bhà ina hUachtarán ar an I.C.A go luath sna 1990idÃ. Sa lá atá inniu ann bÃonn muintir na háite fós i mbun lásadóireachta ar an mbealach traidisiúnta agus dÃoltar é ar fud an domhain.
Sa lá atá inniu ann tá Músaem Lása Chluain Eois lonnaithe in Ionad Cuairteoirà Shiopaà Chanáil Uladh (teach stórais canála ar bhruach Shean-Chanáil Uladh a bhà athchóirithe)agus tá samplaà gleoite den lása le feiceáil ann. Is féidir cuairt a thabhairt air saor in aisce ó Mháirt go Satharn. Tá 'Wall of Fame' sa mhúsaem -- daoine a rinne an lása thar na blianta. Tá bunachar sonraà de na lásadóirà ar fad, ó bunaÃodh é go dtà an lá atá inniu ann, á thiomsú ag an Músaem, ar mhaithe le cúrsaà géineolaÃochta, chomh maith le taighde leanúnach maidir leis an lása agus na lásadóirÃ.
Cleachtas agus cleachtóirÃ
Tá lása Ros Liath nó Lása Cróise na hÉireann coitianta sa cheantar freisin. BÃonn sé seo á dhéanamh ag duine aonair, ach i gcás Lása Chluain Eois bÃonn roinnt oibrithe i gceist. CeanglaÃtear seamróga agus cearnóga róis le chéile ar éadach boird, gréagáin agus bónaÃ. Tugtar 'Obair Throm' ar shaothar Chluain Eois, mar gheall ar na móitÃfeanna a bheith stuáilte agus mar gheall ar Shnaidhm Chluain Eois.
BunaÃodh Cuallacht Lása Chluain Eois sna 1990idÃ. Téann bean de bhunú na háite, Máire Treanor, atá ina saineolaà ar Lása Chluain Eois, ar fud an domhain chun a scéal a roinnt, agus bÃonn sà ag múineadh gach samhradh in Ollscoil Berkley, California. ScrÃobhann sà faoin gceird agus déanann sà go leor taighde air agus tá an dara leabhar dá cuid ar an ábhar á chur le chéile aici. Chomh maith leis sin eagraÃonn Máire Treanor an Scoil Samhraidh Idirnáisiúnta Lásadóireachta, chomh maith le ranganna eile a eagrú ar fud na tÃre.
Forbairt, scaipeadh agus cosaint
Déanann foireann agus bainistÃocht Shiopaà Chanáil Uladh, in éineacht le déantóirà lása Chluain Eois, iarracht ar bhonn leanúnach cur leis an méid eolais atá ag daoine faoi Lása Chluain Eois agus faoin gcleachtas. EagraÃonn Máire Treanor, duine de na saineolaithe is mó ar domhan ar Lása Chluain Eois, Scoil Samhraidh Lásadóireachta Chluain Eois, a bhÃonn ar siúl in Ionad Cuairteoirà Shiopaà Chanáil Uladh gach Meitheamh. BÃonn taispeántais, cainteanna agus taispeántais speisialta ar siúl sa Mhúsaem chun oideachas a chur ar an bpobal agus ar mhuintir na háite araon agus féachaint chuige go mbeidh siad rannpháirteach. Is féidir le cuairteoirà a thagann chuig an músaem iad féin a thumadh i scéal na ceirde seo, a tosaÃodh mar fhiontar sóisialta agus a raibh páirt ag teaghlaigh iomlána ann. Is é an aidhm atá againn go leanfadh an oidhreacht seo trà dhaoine i ngach aoighrúpa, gach cúlra agus cumas a chur san áireamh agus cuireadh a thabhairt dóibh a bheith ag foghlaim faoin gcineál speisialta cróise seo. Is féidir an dúlra óna bhfuair sé inspioráid a fheiceáil sa cheantar tuaithe máguaird i gContae Mhuineacháin.
In 2019, agus muid ag obair go dlúth le gnÃomhaireachtaà Rialtais agus gnÃomhaireachtaà pobail éagsúla, Comhairle Contae Mhuineacháin agus Fáilte Ireland d’fhonn Scéal Lása Chluain Eois a roinnt, cuireadh clár le chéile chun baill nua den phobal a chur ar an eolas i dtaobh an traidisiúin. Le tacaÃocht ó Fhorbairt Chomhtháite Mhuineacháin, chuaigh dÃdeanaithe ón tSiria agus náisiúntachtaà eile ag obair le lásadóirà Chluain Eois chun an próiseas a fhoghlaim ar mhaithe le nasc a chruthú lena mbaile nua.
www.ulstercanalstoresvisitorcentre.ie