
Lásadóireacht agus Cróiseáil na hÉireann
BunaÃodh Ionaid in raibh Lásadóireacht na hÉireann agus Lásadóireacht Cróise na hÉireann ar fud oileán na hÉireann ón 18ú haois go dtà tús an 20ú haois mar shampla: i gCorcaigh, Luimneach, Gaillimh, Muineachán, Baile Ãtha Cliath, An BhuirÃos, agus araile. D’oibrigh go leor de na hionaid seo mar thio
| Location | Láthair Baile Ãtha Cliath, Corcaigh, Luimneach, Muineachán, CiarraÃ, Gaillimh |
|---|---|
| Categories | CeardaÃocht thraidisiúnta |
| Keywords | Eochairfhocail Cróise, lásadóireacht |
| Contact organisation | Grúpa Lása Cróise na hÉireann Chluain Dolcáin |



Faisnéis chúlra
BunaÃodh Ionaid in raibh Lásadóireacht na hÉireann agus Lásadóireacht Cróise na hÉireann ar fud oileán na hÉireann ón 18ú haois go dtà tús an 20ú haois mar shampla: i gCorcaigh, Luimneach, Gaillimh, Muineachán, Baile Ãtha Cliath, An BhuirÃos, agus araile. D’oibrigh go leor de na hionaid seo mar thionscal baile agus iad ag táirgeadh cróise agus lása na hÉireann, agus bhà ardmheas ag margaà faisin an domhain ar an dearadh sainiúil a bhain leo.
Bhà Lása na hÉireann agus Lása Cróise na hÉireann araon ina n-earraà suntasacha mar a bhain le heaspórtálacha na hÉireann sa 19ú hAois. BunaÃodh tionscail bhaile ar fud na tÃre le freastal a dhéanamh ar an éileamh a bhà ar Lása Cróise na hÉireann ar fud an domhan agus go minic bhÃodh an t-airgead a saothraÃodh do chailÃnà aonair rÃthábhachtach mar gur chuir sé ar chumas an teaghlaigh maireachtáil nuair a bhà cúrsaà eacnamaÃocha go dona. Bhà an cheird á teagasc go forleathan, go háirithe le linn agus i ndiaidh an Ghorta Mhóir i lár na 1840idÃ, agus é mar aidhm go mbeadh sé mar fhoinse ioncaim ag teaghlaigh a bhà i ndroch-chaoi.
De bharr gur tosaÃodh ar lása a tháirgeadh go meicniúil i ndeireadh na 1800idà agus i dtús na 1900idÃ, agus go raibh bac ar na bealaà trádála domhanda le linn an Chogaidh (1914-1918), tháinig meath ar an éileamh domhanda a bhà ar Lása agus ar Lása Cróise lámhdéanta na hÉireann. Ó shin i leith, seachas tréimhse ghairid sna 1960idà nuair a léirÃodh spéis ann mar gheall ar dhearthóirà Faisin na hÉireann ar nós Sybil Connolly, tá sé tar éis dul i léig go mór ón am a raibh sé faoi bhláth i dtionscal an domhain, go dtà nach bhfuil ann anois ach ceardaÃocht le haghaidh caitheamh aimsire.
Sa lá atá inniu ann, tá moil bheaga chruthaitheacha fós i mBaile Ãtha Cliath, i gCorcaigh i Luimneach agus i Muineachán, áit a bhfuil Lásadóireacht na hÉireann agus Lásadóireacht Cróise na hÉireann fós slán, cé gur mó de chaitheamh aimsire ná de cheird atá i gceist sa lá atá inniu ann. Go dtà an lá atá inniu ann aithnÃtear stÃl Lása Cróise na hÉireann ar fud an domhain agus tá cleachtóirà cróise in Oirthear na hEorpa agus sa Rúis go háirithe tar éis go leor de na dearaà agus de na móitÃfeanna a chur in oiriúint agus a thabhairt isteach sna leaganacha den ealaÃn chruthaitheach seo atá acu ina gceantair féin.
Cleachtas agus cleachtóirÃ
San 18ú agus sa 19ú haois, tháinig stÃleanna éagsúla chun cinn a shamhlaÃtear le ceantair ar leith, de bharr gur bunaÃodh moil chruthaitheacha in áiteanna éagsúla ar fud na tÃre, mar shampla: Lása Cróise Chluain Eois, Lása Eochaille agus NeidÃn, agus araile.
Tá go leor de na lásadóirà a bhÃonn ag cruthú lása na hÉireann agus Lása Cróise na hÉireann ag leanúint lena gceird mar chaitheamh aimsire agus is oibrithe aonair iad a bhÃonn ag obair leo féin. Tá cuid eile fós tar éis an bhorrtha atá tagtha faoi Lása na hÉireann le déanaà a thabhairt faoi deara agus tá siad páirteach ann, go háirithe in ionaid amhail Eochaill, An NeidÃn agus Ãth Cinn, i gCo. na Gaillimhe.
BunaÃodh Cuallacht Lásadóirà na hÉireann sa bhliain 1987 chun cabhrú leis na lásadóirà ina gcuid oibre, go háirithe iad siúd a bhà ag déanamh lásaà traidisiúnta na hÉireann. Sa lá atá inniu ann, cuimsÃonn an Chuallacht na lásaà ar fad a bhfuil eolas ina dtaobh in Éirinn, Lása Cróise na hÉireann san áireamh, chomh maith le go leor leaganacha den lásadóireacht ó thÃortha thar lear. Is é cuspóir na Cuallachta tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an lásadóireacht agus ar dhearadh lása in Éirinn trà cheardlanna, léachtaÃ, taispeántais agus gnÃomhaÃochtaà eile a mbeadh spéis ag lásadóirà iontu a eagrú. Moltar na stÃleanna ar leith a bhaineann leis na ceantair éagsúla a chothabháil agus a fhorbairt.
Cuireadh tús i gCluain Dolcáin, i gCo. Bhaile Ãtha Cliath le gluaiseacht ar aon dul leis seo chun Lása Cróise na hÉireann go sonrach a athbheochan agus tacú leis, agus tá grúpa beag cleachtóirà tar éis Ghrúpa Lása Cróise na hÉireann Chluain Dolcáin a bhunú.
TrÃd is trÃd, ós rud é go mbÃonn go leor dÃobh siúd a chleachtann Lása Cróise na hÉireann ag obair ina n-aonar ar an gceird, tá meath ag teacht ar chuid mhaith de na hardscileanna agus na stÃleanna cruthaitheacha a bhÃodh ag na cleachtóirà a d’oibrÃodh sna moil chruthaitheacha. Anuas air sin tá daoine áirithe den tuairim go bhfuil na seandearaà rósheanfaiseanta do shaol an lae inniu.
Tá sé mar aidhm ag Grúpa Lása Cróise Chluain Dolcáin spéis a mhúscailt sa cheird seo agus tá siad ag déanamh iarracht na cleachtóirà atá fágtha i mBaile Ãtha Cliath a thabhairt le chéile chomh maith le nasc a chruthú le grúpaà agus le daoine aonair atá fós i mbun na ceirde in áiteanna eile ar fud na tÃre. Tá ceardlanna agus imeachtaà oiliúna beartaithe do 2018.
Gach seans go bhfuil go leor de lucht déanta Lása na hÉireann agus lucht déanta Lása Cróise na hÉireann ina mbaill freisin d’eagraÃochtaà dála Cuallacht Lásadóirà na hÉireann, Bantracht na Tuaithe, Comhairle Dhearaidh agus CheardaÃochta na hÉireann, Déantóirà Lása NeidÃn, Grúpa Greamanna Ros Mhic Thriúin agus Naomh Louis (Loch Garman), chomh maith le grúpaà ceardaÃochta áitiúla nach bhfuil chomh foirmiúla.
Forbairt, scaipeadh agus cosaint
Is leagan ar leith den ealaÃon láimhe iad Lása na hÉireann agus Lása Cróise na hÉireann a thosaigh ag forbairt den chéad uair in Éirinn le linn an 18ú hAois. Is amhlaidh gur fhill Siúracha Reiligiúnacha ó Chlochair na Mór-Roinne agus gur thug siad leo go hÉirinn na bunscileanna a bhain le hobair shnáithaide na Fraince, na Beilge agus na hIodáile.
De réir mar a d’fhorbair ceird na lásadóireachta snáthaide in Éirinn, tháinig stÃleanna difriúla agus stÃleanna sainiúla den lásadóireachta chun cinn sna hionaid éagsúla ar fud na tÃre ina raibh an obair ar bun m.sh. in Eochaill, i gCarraig Mhachaire Rois, i Luimneach, i mBuirÃos i gCluain Eois agus araile.
Bhà ceird Lása Cróise na hÉireann bunaithe ar lása na Veinéise, áit ar baineadh úsáid as crúca an-chaol agus snáith cadáis in ionad snáthaid chun baill éadaÃ, maisiúcháin ar éadaà faiseanta nó bogfheisteas tà a dhéanamh le linn an 19ú hAois. Sa 19ú hAois, de réir mar a tháinig forbairt ar Lása Cróise na hÉireann, thosaigh stÃl a bhà an-difriúil ag teacht chun cinn agus feictear é seo fós ar fud an domhain mar Lása Cróise as Éirinn agus ‘Irish Crochet’ nó ‘Irish Crochet Lace’ a thugtar air ar fud an domhain sa lá atá inniu ann.
BÃonn Cuallacht Lásadóirà na hÉireann, mar aon leis na grúpaà eile atá luaite thuas, ag cabhrú chun na scileanna a bhaineann leis an lásadóireachta agus leis an lásadóireacht cróise a scil-bhisiú agus a theagasc do chleachtóirà nua agus do chleachtóirà a bhfuil taithà acu araon.
BunaÃodh Grúpa Cróise na hÉireann Chluain Dolcáin (C.I.C.G.) in 2017 agus é mar chuspóir acu daoine aonair a raibh suim acu san ábhar a thabhairt le chéile le go bhféadfaà cabhrú leis na scileanna a bhain leis an tionscal baile, a bhà sa chuid seo de Bhaile Ãtha Cliath sa 19ú haois, a athbheochan.
Toisc go raibh scileanna Lása Cróise na hÉireann tugtha ó ghlúin go glúin i dteaghlaigh i seanbhaile Chluain Dolcáin agus i sean bhaile Leamhcáin, teastaÃonn ón C.I.C.G. na cleachtóirà seo a tharraingt le chéile agus teagasc na ceirde a athbheochan, ionas gur féidir saol nua a thabhairt don seandearadh agus don shean-cheird.
Tugadh cuireadh chuig ceardlanna do chleachtóirà atá aitheanta go náisiúnta chun comhairle a thabhairt maidir leis an gcaoi a bhféadfaà an Grúpa a fhorbairt amach anseo.
Athbheochan Lása Cróise na hÉireann