Loy Digging
Fardal Náisiúnta Oidhreachta Cultúrtha Doláimhsithe na hÉireann

Tochailt Láí

Suas go dtí deireadh an 19ú haois bhí formhór na talún á shaothrú le lámh agus úsáid á baint as an láí nó uirlis den chineál sin. I roinnt de chontaetha an deiscirt, is fack (irieac) (spád) a thugtaí ar an láí. Tá neart fianaise le feiceáil in go leor dár gcuid páirceanna maidir leis na claiseanna a

LocationLáthair Ag na comórtais náisiúnta treabhdóireachta áitiúla agus náisiúnta in Éirinn
CategoriesEolas agus cleachtais a bhaineann leis an dúlra agus leis an domhan
KeywordsFeirmeoireacht, treabhadh, uirlisí
Contact organisationCumann Láí na hÉireann

Faisnéis chúlra

Suas go dtí deireadh an 19ú haois bhí formhór na talún á shaothrú le lámh agus úsáid á baint as an láí nó uirlis den chineál sin. I roinnt de chontaetha an deiscirt, is fack (irieac) (spád) a thugtaí ar an láí. Tá neart fianaise le feiceáil in go leor dár gcuid páirceanna maidir leis na claiseanna agus na hiomairí a bhí ann fadó do ghrán agus do phrátaí araon. Téann na hiomairí a rinneadh leis an láí a bhí faoi bhratphortaigh Pháirceanna Chéide siar 4,000 bliain go dtí an Chré-Umhaois.

Fuarthas amach agus aithris á déanamh ar chur prátaí mar a dhéantaí san am atá caite agus úsáid a bhaint as an láí, go raibh sí i bhfad chun tosaigh ar an gcéachta chomh fada agus a bhain sé le curaíocht mhaith. Tá cuntas ann maidir le feirmeoirí ar thailte níos méithe i dTiobraid Árann agus i gCill Chainnigh a fuair amach go raibh an láí nó leis an fack (Spád) níos tíosaí ó thaobh na páirceanna móra a shaothrú seachas an céachta, nuair a tógadh costais saothair agus feabhais an bhairr san áireamh. Ar ndóigh tá forbairt mhór déanta ar an gcéachta ó thaobh deartha de ón am sin.

Bhí a dhearadh féin ag gach contae chomh fada is a bhain sé leis an láí, ag brath ar chineál agus ar riocht na hithreach. Baineann an láí atá á húsáid ag an gCumann Láí sa lá atá inniu ann le Lár Tíre – an tIarthuaisceart nó aon cheantar leis an gcineál céanna ithreach. Rinneadh an láí a dhearadh do chineál ithreach droimníneach trom le hiarann caol ar chos fhada le sáil dhomhain le húsáid a dhéanamh níos éasca. Tá na lánta seo go léir aontaobhach lena gcur in oiriúint do chos chlé nó don chos dheas.

Déantar an traidisiún seo a chleachtadh ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta mar chomórtas spóirt oidhreachta. Chun clárú do Chomórtas Uile-Éireann, ní mór do na hiomaitheoirí a bheith in iomaíocht sna Comórtais Treabhdóireachta Contae ina gcontaetha féin. Bíonn thart ar 40 duine, fir agus mná, san iomaíocht ag an gComórtas Náisiúnta Teabhdóireachta gach aon bhliain.

Bunaíodh an Cumann Láí sa bhliain 1992 chun:

Bunaíodh Cumann Láí na hÉireann agus é mar sprioc an ealaín ársa seo, atá beagnach ligthe i ndearmad, a chur chun cinn Tarraingíonn an ealaín ársa seo go leor aird ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta agus tá spéis á léiriú thar lear freisin. Sa bhliain 1988 ní raibh ann ach aon chontae amháin (Liatroim) le dhá iomaitheoir a bhí in iomaíocht ar na Comórtais Tochailt le Láí. Tá 10 gcontae rannpháirteach anois.

Forbairt, scaipeadh agus cosaint

Bunaíodh an Cumann Láí sa bhliain 1992 chun:

Bunaíodh Cumann Láí na hÉireann agus é mar sprioc an ealaín ársa seo, atá beagnach ligthe i ndearmad, a chur chun cinn Tarraingíonn an ealaín ársa seo go leor aird ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta agus tá spéis á léiriú thar lear freisin. Sa bhliain 1988 ní raibh ann ach aon chontae amháin (Liatroim) le dhá iomaitheoir a bhí in iomaíocht ar na Comórtais Tochailt le Láí. Tá 10 gcontae rannpháirteach anois.